Leabharlann an Ardeaspaig Marsh

Clós Naomh Pádraig, Baile Átha Cliath 8.

An chéad leabharlann phoiblí in Éirinn.

Is í Leabharlann Marsh an chéad leabharlann phoiblí in Éirinn, agus tá sí le háireamh i measc na leabharlann poiblí is túisce sna hoileáin seo trí chéile. Ba é an tArdeaspag Narcissus Marsh (1638-1713) a bhunaigh í sa bhliain 1701. Ba é William Robinson, ailtire an Bhrú Ríoga roimhe sin, a dhear í.

Tá an taobh istigh den Leabharlann gan athrú ó tógadh í trí chéad bliain ó shin, geall leis: na leabharagáin áille dara, a bhfuil litreacha den aibítir ar a mbeanna greanta, agus báirrín ar a mullach in airde, agus na trí chuas shnoite (‘cásanna’), ar a bhfuil doirse sreinge, ina gcuirtí léitheoirí a mbíodh leabhair luachmhara á léamh acu faoi ghlas. Sampla gleoite í de leabharlann scoláirí ón seachtú céad déag. An uair sin bhíodh slabhraí ar mhórchuid de na leabhair. Bhíodh lúb bheag mhiotail ar an leabhar: slabhra as sin, fáinne ag ceann an tslabhra, agus chorraíodh an fáinne siar agus aniar ar shlat a bhíodh socair ar gach seilf.

Sa bhliain 1707 ritheadh acht i bpairlimint na hÉireann dár teideal ‘Acht um Shocrú agus Caomhnú Leabharlainne Poiblí go Bráth’. Cuireadh cúram reachtála na Leabharlainne ar na Gobharnóirí agus na Gairdiain; ba iadsan Ardeaspaig Eaglais na hÉireann ar Ard Mhacha agus Baile Átha Cliath, Déin Eaglais Naomh Pádraig agus Eaglais Chríost, Propast Choláiste na Tríonóide, agus ceathrar Gobharnóirí eile ex officio, ach nach ann dá bhfeidhmeannais a thuilleadh ó bunaíodh an Stát sa bhliain 1922. Duine acu seo ab ea an Tiarna Seansailéara. Le déanaí, ar iarratas na nGobharnóirí, d’ainmnigh an Rialtas an Príomh-Bhreitheamh lena bheith ina Ghobharnóir. Is iad na Gobharnóirí agus na Gairdiain a cheapann Coimeádaí agus Leas-Choimeádaí, arb iad Muriel McCarthy, M.A., LL.D. agus an tOirmhinneach C.R.J. Bradley, M.A. atá i bhfeighil na gcúraimí sin faoi láthair.

Tá ceithre phríomhbhailiúchán, ina bhfuil 25,000 leabhar, a bhaineann leis an 16ú, an 17ú agus tosach an 18ú haois. Mar a bheifí ag súil leis tá cnuasach mór de shaothair liotúirgeacha, leabhair aifrinn agus sheirbhíse, portúis, leabhair thráth de réir nós Sarum, bíoblaí i ngach teanga geall leis, agus a lán diagachta agus conspóide reiligiúnda.

Daoine léannta ab ea na bailitheoirí seo, áfach, agus is díol suntais réimse fairsing na n-ábhar inar chuir siad suim. Tá leabhair leighis, dhlí, eolaíochta, thaistil, loingseoireachta, mhatamaitice, cheoil, shuirbhéireachta, agus litríochta clasaicí i ngach bailiúchán. Tá seomra faoi leith i gcomhair leabhar agus irisí a bhaineann le stair na hÉireann a foilsíodh le céad blian anuas.

Is é bailiúchán Edward Stillingfleet (1635-1699), Easpag Worcester, an cnuasach is tábhachtaí. Sa bhliain 1705 dhíol Narcissus Marsh £2,500 as. Deich míle leabhar, nach mór, atá ann. Tá leabhair ann a d’fhoilsigh cuid de na clódóirí is túisce dá raibh ag feidhmiú sa Bhreatain: Berthelet, Daye, Fawkes, Notary, Pynson, Siberch, Wolfe agus Wynkyn de Worde. Laistigh de chlúdach saltair a chuir Richard Pynson i glcó i Londain sa bhliain 1524 tá loghadh a d’fhógair Thomas Wolsey agus an Cairdinéal Campeggio ag iarraidh sintiús airgid i gcomhair Ardeaglais Hereford. Tá an ceangal stampálta bunaidh fós ar an saltar, é maisithe leis an rós Túdarach agus le duilleoga fíniúna.

D’fhág an tArdeaspag Marsh a chuid leabhar ar fad le huacht ag a Leabharlann, ach thiomnaigh sé a chnuasach mór lámhscríbhinní ón Domhan Thoir don Bodleian Library, Oxford. Bhí spéis mhór aige san eolaíocht, sa mhatamaitic agus sa cheol, agus is iomaí nóta a bhreac sé féin ar a leabhair mhatamaitice. Bhailíodh sé leabhair Eabhraise, Arabaise, Thurcaise agus Rúisise chomh maith. Samplaí suimiúla neamhchoitianta ó luathchlódóiri na Rúise atá sa roinn dheireanach seo. Tá ‘Liber rarissimus’ (leabhar róthearc) scríofa ag Marsh ar leabhar Eabhraise a foilsíodh san Iodáil sa bhliain 1491.

Ba é an Dr. Elias Bouhéreau, Úgóineach a theith as an bhFrainc sa bhliain 1685, an chéad leabharlannaí. Baineann a chuid leabhar, a d’fhág sé ag an leabharlann, le diagacht agus conspóid Phrotastúnach, agus le hOllscoil Saumur mar a ndearna sé staidéar. Tá samplaí bréatha de luath-chlódóireacht na Mór-Roinne i measc a chuid leabhar. Tá an ceangal bunaidh fós ar chóip de Le Rommant de la Rose, curtha i gcló ag Galliot du Pre, Páras.

D’fhág John Stearne (1660-1745), Easpag Chlochair, a chuid leabhar le huacht ag Leabharlann Marsh. Tá an cnuasach seo dealraitheach leis na bailiúcháin eile, ach is ann atá an leabhar is sine, atá ar cheann de na leabhair is áille dá bhfuil sa Leabharlann, Litreacha dá Chairde le Cicero, a foilsíodh i Milano, 1472.

Lasmuigh de na ceithre bhailiúchán seo tá timpeall trí chéad lámhscríbhinn sa Leabharlann. Imleabhar ar Bheathaí Naoimh na hÉireann is ea an scríbhinn is tábhachtaí orthu. Scríobhadh as Laidin í timpeall na bliana 1400. Tá an Sarum Próisisiamach a bhain le hEaglais Eoin Soiscéalaí i mBaile Átha Cliath sa 15ú haois. Tá blúire tábhachtach de dhrámaíocht mheánaoiseach ann .i. an Chuairt ar an Tuama Naofa le linn dheasghnátha na Seachtaine Móire.

Ba é an tArdeaspag Marsh a bhí i mbun an leagan Gaeilge den Sean-Tiomna a rinne an tEaspag Bedell a ullmhú don chló. Foilsíodh ar dtús i Londain é le cúnamh an eolaí mhóir Robert Boyle. Tá dhá imleabhar d’aistriúchán bunaidh Bedell sa Leabharlann; i Leabharlann na hOllscoile, Cambridge atá an tríú himleabhar agus na hApocrypha.

I measc na lámhscríbhinní ceoil tá leabhair pháirteanna ón 17ú haois, agus leabhar ceoil liúite i nodeireacht tháibléadach ón dara leath den 16ú haois. I leabhar beag filíochta ón ré Eilíseach tá dán le Sir Walter Raleigh tiomnaithe don Bhanríon Eilís féin. Ina theannta sin tá cnuasach Dudley Loftus ina bhfaightear lámhscríbhinní a mbaineann a bhformhór le hÉirinn.

Mar Dhéan ar Ardeaglais Naomh Pádraig ba ghobharnóir de chuid na Leabharlainne é Jonathan Swift agus thagadh sé ar na cuairteanna bliantúla ar feadh i bhfad. Sa leabhar History of the Rebellion le Clarendon tá a lán nótaí leis, tagairtí maslacha do na hAlbanaigh, den chuid is mó, as an bpáirt a ghlac siad san éirí amach.

Muriel McCarthy, M.A., LL.D.

Aistriúchán: Dr Seán Ua Súilleabháin

UAIREANTA OSCAILTE

Dé Luain: 10 a.m. - 1 p.m.; 2 p.m. - 5 p.m.

Dé Máirt: dúnta ar feadh an lae

Dé Céad., Déard., Aoine: 10 a.m. - 1 p.m.; 2 p.m. - 5 p.m.

Dé Sathairn: 10 a.m. - 1 p.m. amháin

Dé Domhnaigh: dúnta ar feadh an lae.

Tá roinn chaomhnaithe i Leabharlann Marsh a tógadh le cúnamh fial ó Fhondúireacht Delmas. Féadaimid comhairle shaineolach a thabhairt ar chóiriú leabhar, lámhscríbhinní, priontaí, líníochtaí, uiscedhathanna, léarscáileanna, ábhar cartlainne, agus gach saothar ar pháipéar.

Teileafón: Leabharlann (01)4543511; Ceanglann (01)4544609

Email: keeper@marshlibrary.ie


Marsh's Library

© 2010 Governors and Guardians of Marsh's Library

Hosted and maintained by the Department of Computer Engineering, Dublin Institute of Technology
Valid XHTML 1.0 Transitional